ɫƵ

Leagan Béarla 

á sé mar aidhm ag an modúl seo dea-chleachtais oideolaíochta mar aon le sain-inniúlachtaí teanga an ábhair oide / an mhúinteora do shuíomh an tumoideachais in Éirinn a chothú.

Cé a dhéanfadh an cúrsa seo?

Is do mhúinteoirí cáilithe agus do mhic léinn oideachais ar spéis leo a gcuid ábhar teagaisc, .i. Corpoideachas, Ceol, Eolaíocht, Teicneolaíocht srl. a theagasc trí mheán na Gaeilge sa chomhthéacs tumoideachais, .i. Gaelcholáiste, Aonad Lán-Ghaeilge nó Scoil Ghaeltachta é an modúl seo.

Ábhar an Chláir 

Forbrófar na scileanna teanga atá de dhíth ar mhúinteoirí tumoideachais le feidhmiú go héifeachtach agus go muiníneach sa suíomh lán-Ghaeilge / Gaeltachta agus ullmhófar mic léinn d’agallaimh trí Ghaeilge agus don Teastas sa Ghaeilge do Mhuinteoirí Iar-bhunscoile go háirithe. Thairis sin, forbrófar saineolas oideolaíochta na mac léinn leis an teanga a chomhtháthú leis an ábhar acadúil sa seomra ranga iar-bhunleibhéil.

Sceideal an Mhodúil

Beidh na ceardlanna ar siúl tráthnóna Dé Céadaoine 18.30-20.30 ag tosú 11 Feabhra 2026 ar feadh deich seachtaine.

Beidh seisiún eolais faoin gcúrsa ar siúl Dé Céadaoin 28 Eanáir 18.30-19.15.

agus seolfar nasc MS Teams chugat níos giorra don lá.

Riachtanais Iontrála 

Déanfar an modúl a theagasc trí Ghaeilge. Iarrfar ar mhic léinn a bheith cinnte go bhfuil scileanna maithe teanga acu sa Ghaeilge. Go hidéalach, beidh an rannpháirtí i ndiaidh freastal ar scoil lán-Ghaeilge / Gaeltachta nó beidh H1, H2, nó H3 i nGaeilge na hArdteistiméireachta bainte amach acu.

ѱ𲹲úú 

Iarrfar ar mhic léinn e-phunann teanga ‘s teagaisc a fhorbairt. Thairis sin, rachaidh mic léinn faoi bhréag- agallaimh d’fholúntais mhúinteoireachta in earnáil an tumoideachais. Ní bheidh aon scrúdú scríofa ag deireadh an tseimeastair. Déanfar an modúl a ghrádáil ar bhonn pas / teip.

An Chomhairle Mhúinteoireachta 

Comhlíonann an modúl seo Rogha 2, .i. bloc amháin coicíse, de chritéir cháilitheachta ábhair na Comhairle Múinteoireachta mar a bhaineann le Taithí Thumoideachais don Ghaeilge. (á an socrú seo faoi réir choinníollacha reatha na Comhairle Múinteoireachta).

áillí agus Clárúchán 

€300 atá mar tháille do mhúinteoirí cáilithe. Déan teagmháil le  ciara.considine@ul.ie 

Ní ghearrtar aon táille ar mhic léinn reatha de chuid na hOllscoile. Is féidir leo an modúl a dhéanamh ar bhonn breise. á an fhoirm ar fáil ó ciara.considine@ul.ie 

Sonraí Teagmhála 

Ciara Considine
Riarthóir Feidhmiúcháin, Aonad na Gaeilge.
ҳܳٳá: 061 234754
ídzDz: ciara.considine@ul.ie

View Site in English

Email: aonad.nagaeilge@ul.ieó:&Բ;+353-61-234754